Cuairt Chumann Merriman ar Bhaile Átha Cliath
22 Feabhra 2017
Reáchtálfar Scoil Gheimhridh Chumann Merriman 2017 idir an 3-5 Márta ar Champas Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Is é An Ghaeilge i mBaile Átha Cliath téama imeachtaí na bliana seo agus tá sraith cainteanna agus imeachtaí spéisiúla eagraithe don deireadh seachtaine.